《Caide Sin Don Té Sin?》是Altan演唱的一首歌曲,由Traditional作曲,收錄於專輯《Runaway Sunday》。
基本介紹
- 外文名:Caide Sin Don Té Sin?
- 所屬專輯:Runaway Sunday
- 歌曲原唱:Altan
- 譜曲:Traditional
歌曲歌詞
Chuaigh mé 'un aonaigh 's dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid 's ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Má théim 'na choilleadh chraobhaigh 'cruinniú sméara nó cnó
A baint ullaí do ghéaga nó a buachailleacht bó
Má shínim seal uaire faoi chrann a dhéanamh só
Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Má théimse chuig airnéal 's rince 's spórt
Chuig aonaigh nó rásaí, 's gach cruinniú den tseoirt
Má bhíonn daoine súgach, 's má bhím súgach leo
Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh
Gan earraí, gan éadal, gan bólacht nó stór
Ach má tá mise sásta mo chónaí i gcró